Údaráis Áitiúla Cheatharlacha
Gnás Gearáin na gCustaiméirí
An Gealltanas Againn do Sheirbhís na gCustaiméirí ar Ardchaighdeáin
Geallaimidne in Údaráis Áitiúla Cheatharlach seirbhís ar ardchaighdeáin a chur ar fáil duit. Tá caighdeán na seirbhíse lenar féidir leat a bheith ag súil leagtha amach inár bPlean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí 2001 – 2004.
Oibrímid go dian chun caighdeán na seirbhíse atá ar fáil duit a chothabháil agus a fheabhsú agus chun leibhéal na mbotún a choimeád chomh híseal agus is féidir. Aithnímid, áfach, go dtarlaíonn botúin nó moilleanna ó am go chéile.
Muna bhfuil tú sásta leis an tseirbhís atá á chur ar fáil duit, ba cheart duit a leithéid a chur in iúl dúinn ionas gur féidir linn feabhas a chur air. Cuirimid fáilte roimh aon aiseolas agat agus rachfar i ngleic faoi rún le gach gearán a thagann chugainn.
Gearáin
Leagann an bhileog seo amach ár gcuid ghnásanna chun déileáil le gearáin. Insíonn sí duit:
- cad iad na saincheisteanna lena mbaineann an gnás
- cad iad na saincheisteanna nach bhfuil clúdaithe
- conas gearán a dhéanamh
- cén t-eolas ar cheart duit a chur ar fáil
- na caighdeáin atá leagtha síos againn chun dul i ngleic le gearáin
- an méid a chosnóidh sé duit; agus
- cad is féidir leat a dhéanamh muna bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fuair tú uainn i leith do ghearán.
Cad iad na saincheisteanna lena mbaineann an gnás?
Baineann gnás seo na ngearán le haon ghearán faoi cheisteanna ar nós moilleanna, botúin agus drochsheirbhís do chustaiméirí – cásanna nach bhfuair tú caighdeán na seirbhíse a chreideann tú go bhfuil tú i dteideal á fáil.
Cad iad na saincheisteanna nach bhfuil clúdaithe?
Tá gnásanna ar leith i bhfeidhm maidir le hiarratais ar Shaoráil Faisnéise.
Conas is féidir liom gearán a dhéanamh?
- Ar an gcéad dul síos, ba chóir an gearán a chur, ó bhéal nó i scríbhinn, faoi bhráid na foirne san oifig lena bhaineann. Déanfaidh an fhoireann ansin iarracht do ghearán a réiteach gan mhoill.
- Muna féidir lenár bhfoireann do ghearán a réiteach, nó muna bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fuair tú, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, Seirbhísí Corparáideacha a shocróidh go ndéanfar do ghearán a fhiosrú. Is féidir leat gearán, ó bhéal nó i scríbhinn, a dhéanamh chuige ag:
An t-Oifigeach Sinsearach Feidhmiúcháin,
Seirbhísí Corparáideacha,
Comhairle Contae Cheatharlach,
Oifigí an Chontae,
Bóthar Bhaile Átha Í,
Ceatharlach.
Guthán: (0503) 70345 / 70300
Feacs: (0503) 41503
rPhost: secretar@carlowcoco.ie
Cén t-eolas ar cheart duit a chur ar fáil?
- d'ainm agus do sheoladh
- an chúis le do ghearán agus cad é go díreach a bhfuil tú míshásta leis – tabhair an oiread eolais agus is féidir, lena n-áirítear aon doiciméadacht tacaíochta lena baineann
- ainm na hoifige agus, más cuí, an t-oifigeach nó na hoifigigh lena raibh tú ag déileáil
- cén toradh is mian leat a bhaint amach tríd an ngearán seo, nó an bhfuil aon mholtaí agat maidir le conas ba cheart dúinn an scéal a leigheas?
- an bhfuil teagmháil déanta agat cheana féin le réimse na seirbhíse atá i gceist chun sásamh a fháil; más ea, cuir na sonraí faoina leithéid ar fáil
- uimhir ghutháin lae, más fearr leat go ndéanfaimis teagmháil leat ar an nguthán – d’fhéadfadh sé seo cabhrú linn an cheist a réiteach níos tapúla.
Má tá gearán casta agat, b’fhéidir gurbh fhearr duit á chur i scríbhinn ionas nach ndéanfaí dearmad ar aon cheann de na sonraí. Ná déan dearmad gach cáipéis nó gach comhfhreagras lena bhaineann a d’fhéadfadh a bheith agat a chur chugainn.
Na caighdeáin atá leagtha síos againn chun dul i ngleic le do ghearán
- Rachaimid i ngleic le do ghearán i gceart, go cóir agus gan claonadh.
- Geallaimid nach dtiocfadh aon drochthoradh as gearán á dhéanamh agat ar do chuid ghnó agus do chuid theagmháil le hÚdaráis Áitiúla Cheatharlacha.
- Déanfaidh oifigeach de chuid Údaráis Áitiúla Cheatharlacha, nach raibh baint aige leis an gcinneadh nó leis an ngníomh bunaidh, scrúdú cúramach ar do ghearán.
- Déanfar comhfhreagras faoi do ghearán a chomhdú ar leithligh ó aon fhaisnéis eile atá á choinneáil fút ag Údaráis Áitiúla Cheatharlach.
- De ghnáth, scrúdóimid agus athbhreithneoimid do ghearán agus seolfaimid freagra chugat laistigh de 15 lá oibre tar éis dúinn do ghearán a fháil. Nuair nach féidir an sprioc seo a bhaint amach, cuirfimid a leithéid in iúl duit agus leanfaimid orainn ag déanamh amhlaidh go dtí go mbíonn réiteach ar an gceist.
- Gabhfaimid leithscéal as aon bhotún, míneoimid cad a tharla agus déanfaimid á cheartú nuair is féidir.
- Athróimid na gnásanna againn lena chinntiú go n-éireoidh níos fearr linn amach anseo.
Cé mhéid a chosnóidh sé?
Tada. Níl aon táille ar ghearán a dhéanamh agus ní ghearrfaimid táille ort as dul i ngleic le do ghearán.
An féidir liom an tOmbudsman a thabhairt isteach?
Is féidir leat. Muna bhfuil tú sásta le toradh do ghearáin nó leis an mbealach ar déileáladh leis, is féidir leat an cheist a sheoladh ar aghaidh chuig an Ombudsman.
Bunaíodh Oifig an Ombudsman chun scrúdú a dhéanamh ar ghearáin uathu siúd sa phobal a gcreideann gur caitheadh go héagórach leo agus iad ag dul i ngleic le comhlachtaí ar nós na Ranna Rialtais, na n-Údarás Áitiúla agus an Bhoird Sláinte. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman ag:
Oifig an Ombudsman,
18, Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2.
Guthán: (01) 6785222, Feacs: (01) 6610570
LoCall: 1890 22 30 30 (dóibh siúd ag glaoch lasmuigh de cheantar Bhaile Átha Cliath)
rPhost: ombudsman@ombudsman.irlgov.ie