Ceadúnas Corrthrádála

Ní mór duit iarratas ar cheadúnas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil más trádálaí ócáideach tú agus má theastaíonn uait earraí a dhíol in áit phoiblí nó i limistéar trádála ainmnithe.

FODHLÍTHE CORRTHRÁDÁLA 2023 DO CHEANTAIR BHARDASACHA CHEATHARLACH, MUINEBHEAG AGUS AN TULACH

Tá na Fodhlíthe Corrthrádála do gach Ceantar Bardasach ceadaithe ag Ceantair Bhardasacha Cheatharlach, Muinebheag agus an Tulach faoi Alt 6 den Acht Corr-Thrádála, 1995, arna leasú.

Tá cóipeanna de na Fodhlíthe ar fáil saor in aisce ón Oifig Fiontair Áitiúil, Teach Fiontraíochta, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach. Is féidir glaoch ar 059 9129783 nó ríomhphost a sheoladh chuig enterprise@carlowcoco.ie chun cóip a iarraidh freisin. Tá sliocht de mhiontuairiscí gach cruinniú Ceantair Bhardasaigh a léiríonn faomhadh ar fáil ach iad a iarraidh.